Súil an Daill (Crua/Hardback)

Darach Ó Scolaí

In stock

SKU: 29857 Categories: ,
9781913814144

Description

Tír Eoghain sa bhliain 1539 is tús leis an úrscéal, tá Conn Bacach Ó Néill ina thiarna agus a chlann mhac in iomaíocht lena fhabhar a thuilleamh. Agus ní hiad amháin atá in iomaíocht — i measc a chomhairleoirí, tá a shéiplíneach Aodh Ó Cearúlláin, a chonstábla Giolla Easpaig Mac Dónaill agus, príomhphearsa an úrscéil, a chomhalta is a chara rúin Conchúr Mac Ardail.

Forbairt agus cur chun cinn an tiarnais is fis do Chonchúr. Idir é agus comhlíonadh na físe tá iliomad rud — guagacht a mháistir, éad na n-uaisle, cistí folmha, cúraimí clainne, agus a laigí féin mar dhuine. Anuas air sin, tá an mac is sine leis an tiarna ann, Feilimí Caoch, an gaiscíoch mealltach ar mian le Conchúr (agus le bean Fheilimí, Onóra Ní Néill) é a mhúnlú mar phrionsa Eorpach ar an déanamh nua.

As dlúth is inneach na staire, fíonn údar An Cléireach agus Táin Bó Cuailnge taipéis Ghaeltacht dheireadh na Meánaoise agus thús an Renaissance dúinn, taipéis bheo ina mhaireann eachlaigh is gallóglaigh, easpag is cléir, rúnaithe is ardfheidhmeannaigh, bantiarnaí is cailíní cuideachta, giollaí is iascairí.

Reviews

Reviews

There are no reviews yet.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

You may also enjoy...