- You cannot add "Filíocht agus Feannadh" to the cart because the product is out of stock.
Tairngreacht Mhiseoige
Máire
£5.35
In stock
Description
“Tairngreacht Mhiseoige” le Séamus “Máire” Ó Grianna
D’fhoilsigh Séamus “Máire” Ó Grianna an t-úrscéal Tairngreacht Mhiseoige sa bhliain 1958, agus is é an breithiúnas a thug Breandán Delap ar an leabhar gurbh é an ceann ab fhearr de na húrscéalta stairiúla Gaeilge dár tháinig i gcló sna caogaidí. Is é an t-ábhar molta is mó a d’aithin Delap ar an leabhar ná go raibh Máire in ann an mianach stairiúil agus an mianach béaloideasúil – “Tairngreacht Mhiseoige” arbh ionann í go bunúsach agus tairngreacht Choilm Chille – a cheangal dá chéile go sciliúil agus úrscéal iomlán a fháscadh astu.
Ní raibh mórán measa ag Máire riamh ar an tsochaí a d’fhorbair in Éirinn i ndiaidh do na Saorstátairí bua a bhreith i gCogadh na gCarad, agus mar sin ba nós leis carachtair a chruthú lena chuid idéal Poblachtánach a ionchollú agus a phearsanú, agus is féidir a leithéidí sin a aithint sa leabhar seo freisin. Is é Cogadh na Saoirse an eachtra staire atá i gcroílár an úrscéil seo, agus tugann an scríbhneoir le fios nach dtiocfadh sárú ná cómhaith laochra an chogaidh sin chun saoil choíche.
Reviews
There are no reviews yet.