Taoscadh an Tobair

£7.60

Máire hOibicín Uí Eidhin

Out of stock

SKU: 25498 Category:

Description

Is éasca aithne a chur ar an bhfile Máire hOibicín Uí hEidhin ach an díolaim dána seo a léamh.
Cé gur le tamall anuas a thosaigh sí ag cur friotal fileata ar a bhfeiceann sí a mbraitheann sí, a dtuigeann sí, is furasta a aithint gur file déanta í le fada fíorach an lá. Ritheann na focla: géarchúis, cineáltas, séimhe, dáimh,greann, comhbhá, urraim, dúchas, oidhreacht, traidisiún, creideamh agus saibhreas leat láithreach bonn ar léamh na ndánta seo.
Léiríonn siad bean a bhfuil pearsantacht bhreá, oscailte, chairdiúil aici, a chuireann fíor-spéis i ngach gné den saol óna hóige i Leitir Mucú i leith.
Tugann sí ar thuras a saoil muid le hilghnéitheacht na dtéamaí, na Láithreacha agus na bpearsan iomadúla a chas léí faoi bhealach. Bronnann sí sofaisticiúlacht ar an tsimplíocht.
Seo í an bhean Ghaeltachta ar thug dúchas a muintire oirnéis dí le breathnú go grinn ar an saol agus cur síos gonta, liriciúil a dhéanamh air. Seo í an bhean chéile agus an mháthair ghrámhair ar breá léi an taisteal agus atá sona, sásta sa mbaile freisin.
Pléisiúr gan teorann atá i ndán don léitheoir a rachaidh ag taoscadh an tobair le Máire. Ól blogam as go rialta, is íocshlinte é!

Additional information

Weight 210 g

Reviews

There are no reviews yet.

Be the first to review “Taoscadh an Tobair”

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.