Thar na Tonnta

Beairtle Ó Conaire

In stock

SKU: 28605 Category:
9781784442019

Description

Is é a dheireadh tús an scéil seo. Tá Sonaí Ó Giolla básaithe ach go bhfuil leithscéal ar a spiorad scaradh lena chorp. Téann sé siar ar bhóithrí na smaointe. A óige i mbaile an Leacain agus ar a chuid laethanta scoile, mar ar chuir sé aithne de chéaduair ar shaothar Karl Marx, a chuaigh go smior ann – ba shóisialaí é feasta. Na laethanta a chaith sé i Londain in éineacht le dream ón mbaile – dream a bhí chomh radacach leis-sean dá mb’fhíor dóibh féin é agus, go deimhin, dá mb’fhíor dósan é chomh maith. An bhean a phós é agus an iníon a bhí acu. Ach airíonn sé a chuid idéalachais á ídiú de réir a chéile ag a laigeachtaí féin, ag athrú aeráide is saoil. Agus is nuair a fhilleann siad ar an seanphaiste tar éis na blianta a bheith caite i Londain acu a fhíortar an sean-nath nach mar a shíltear a bhítear. Nó nach mar a síleadh a bheas amach anseo…

Beairtle Ó Conaire 

Is as Ros Muc ó dhúchas é Beairtle Ó Conaire agus tá sé ina chónaí sa Spidéal i gCo. na Gaillimhe. Is iomaí duais scríbhneoireachta atá buaite ag Ó Conaire. Scríobhann sé ficsean den chuid is mó agus tá cnuasaigh gearrscéalta agus úrscéalta foilsithe aige.

This story starts at the end and moves backwards. Sonaí Ó Giolla has just died, but his spirit is reluctant to leave his body. He travels back through his memories of his life, the people he lived with while he was living in London as an emigrant from Ireland and became a socialist. He remembers the woman who married him and the daughter they had together. Now, at the end of his days he feels that his idealism has faded and understands that everything is not as it seems, and indeed, the way things were doesn’t mean that they will stay the same into the future.

Reviews

Reviews

There are no reviews yet.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

You may also enjoy...