Tine Ghealáin (Crua)

Máire Dinny Wren

In stock

SKU: 28424 Category:
9781916047020

Description

Bailiúchán dánta le Máire Dinny Wren. Tá thar leathchéad dán sa bhailiúchán álainn seo a nochtann croí agus spiorad an údair, a ceantar dúcháis, a cultúr agus a daoine.

‘Téann Máire Dinny Wren i ngleic leis an saol ina iomláine sa chnuasach seo. Cuireann sí síos ar an saol sin de ghuth calma, tréan. Níl focal de bharraíocht sna dánta, níl siolla ar strae. Paeán a dhéanann ceiliúradh ar an domhan thart ar an fhile atá i ngach rann — iad uilig binn, beoga, bríomhar.’ Réaltán Ní Leannáin

‘Tá ceol dhraíochtúil ag baint leis na dánta sa chnuasach seo — amhail is dá mbeadh fidléir ag seinm sa chúlra agus focail an fhile á dtionlacan ag an gceol.’ Áine Ní Ghlinn

‘Déanann Máire Dinny Wren dúiche agus dúchas a muintire agus a saol a chíoradh agus a cheiliúradh i stíl ghreanta sna dánta seo. Molaim é.’ Colette Ní Ghallchóir

‘Tá ceol séisbhinn, cuisle rúndiamhrach agus cantaireacht Chonallach le cloisteáil sa chnuasach úr, fuinte agus snasta seo. Bíonn an file seo ag baint macalla séimh as a réalt eolais féin. Mar a deir sí: Teanann téada mo ghutha le focail mo mheanma is le bé na héigse ’mo threorú, téim mo bhealach féin.’ Caitríona Ní Chléirchín

Reviews

Reviews

There are no reviews yet.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

You may also enjoy...