Description
Bhí Clioḋna Cussen ag plé riamh leis na hamharc-ealaíona agus is cuí, dá réir, gur íomhánna a spreag an saothar is déanaí seo aici. Íomhanna iad a mhaisigh lámh an duine ar bhallaí uaigheanna i gcúige Shaanxi na Síne thart ar 1,400 bliain ó shin. Ní thánagthas arís orthu go dtí le seasca bliain anuas.
Bainfidh léitheoirí na Gaeilge tairbhe agus taitneamh as an insint rithmiúil sholéite seo a bhfuil de bhuntáiste aige go bhfuil Gluais i ndeireadh an leabhair d’fhocail atá san insint sin. Tour de force eile ag Clioḋna. Go maire sí!
Scéal grá é seo a bhain duais san aonad d’fhoghlaimeoirí fásta in Oireachtas 2016. Tá ábhar inspéise litríochta curtha ar fáil ann d’óg agus d’aosta.
Reviews
There are no reviews yet.