COVID-19

A chairde

De dheasca bhagairt COVID-19, shocraigh foireann An Ceathrú Póilí an siopa s’againn sa Chultúrlann a dhruidim go deireadh na míosa ar a laghad ach beidh leabhair ar fáil ar líne uainn i rith an ama. Déanfaidh muid sibh a chur ar an eolas nuair a athróidh an scéal.

Mar shiopa leabhar beag neamhspleách, tá ACP ag brath ar thacaíocht ár gcuid custaiméirí. In 1984, tine ba chúis le druidim an tsiopa ach d’éirigh linn oscailt arís go measartha gasta. In aimsir seo an Choróinvíris agus mear-athrú ar an scéal ó lá go lá, is féidir nach mbeidh sé sin indéanta.

Thug sibh tacaíocht dúinn le 36 bliain anuas agus tá an tacaíocht sin de dhíth orainn go géar anois má tá muid le hathoscailt i ndiaidh na géarchéime seo. Tá súil againn go mbeidh fonn oraibh póirseáil fríd na leabhair ar an tsuíomh agus moladh do chairde agus do ghaoil déanamh amhlaidh fosta – beidh muid fós oscailte ar line agus beidh an triúr againn – Áine, Pádraigín & Séamas – ag seiceáil an tsuímh achan lá agus ag seachadadh na n-orduithe.

Tá An Ceathrú Póilí oscailte ar líne fá choinne gnó go fóill. Tabhair do d’aire: earra atá ordaithe agus atá as stoc go sealadach, seans go dtógfaidh sé rud beag níos faide é a sheachadadh, faoi mar atá cúrsaí faoi láthair. Cuirfear scéal chugat chomh luath agus a bheas an t-earra curtha amach chugat.

Go bhfana sibh uilig slán sábháilte sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn agus ár mbuíochas mór libh as seasamh linn le beagnach daichead bliain. Coinneoidh muid i dteagmháil libh.

Le dea-ghuí,
Áine, Pádraigín, Séamas & Aisling

2 Comments

  1. Matthew Knight on May 21, 2020 at 7:25 pm

    Are you not shipping to the US anymore, or is it just a COVID-19 issue? I’d love to get some books sent 🙂 Thanks so much,

    Matt

    • An Ceathrú Póilí on May 21, 2020 at 8:30 pm

      Hi Matt, thanks for your comment! We are still shipping to the US, although it may take a little longer to arrive. If you have any issues or there are no shipping options available can you get in touch by email?

      Go raibh maith agat as do thacaíocht – thank you for your support and I hope you are well and enjoyed Litríocht na Gaeilge ar fud an Domhan!

Leave a Comment

You must be logged in to post a comment.