Music Month at An Ceathrú Póilí – the albums.

Anois teacht an Earraigh beidh ’n lá ‘dul chun síneadh…

Agus an tEarrach linn sa deireadh thiar thall tá muid ag iarraidh roinnt dluthdhioscaí ceoil a roinnt libh.

Sona do Cheird – Doimnic Mac Giolla Bhríde

Conallach ó dhúchas, is duine de bhuaiteoirí Chorn Uí Riada é Doimnic atá i mbun Chór Thaobh a’ Leithid agus Chór Loch Lao. Is é seo an tríú halbam aonair atá eisithe aige, chomh maith le ceirníní i gcomhar le Griogair Labhruidh agus Cór Thaobh a’ Leithid. Tá cnuasach amhrán do pháistí, Ící Pící, foilsithe aige fosta.

Ar Sona do Cheird, chum Doimnic foinn úra d’amhráin ón mhór-chnuasach Dhá Chéad de Cheoltaibh Uladh, cuid acu nár taifeadadh riamh.

Gaelré – Gráinne Holland

Tá Gráinne Holland ina sarcheoltóir traidisiúnta. Is é Gaelré an dara halbam atá taifeadta aici agus é eisithe ag Gael Linn.

Tá leagan de ‘Airdí Cuan’ nach bhfuil taifeadta mar amhrán ach ag Gráinne, i nGaeilge Ghlinnte Aontroma ó Bhailiúchán Doegen, chomh maith le hamhráin a chuala sí agus í ag fás aníos i mBéal Feirste – ‘Síos an Sliabh’ de chuid Albert Fry agus ‘Slóite na bhFiann’, arna aistriú go Gaeilge ag Séamus Ó Grianna.

The Seven Suns – John McSherry

As iarthar Bhéal Feirste John, duine de bhunaitheoirí Lúnasa, At First Light agus Coolfin atá aitheanta mar dhuine de na píobairí uilleann is gníomhaí sa lá atá inniu ann. Is turas The Seven Suns ar áiteanna éagsula thart ar an domhan a bhfuil ceangal acu le hÉirinn, na Ceiltigh agus ceol tíre ár n-oileáin.

Ghlac John inspioráid ar leith ó snoiteáin chloiche Dhubhadh agus na Seacht nGrian atá le feiceáil ansin. Tá an mhórchuid den cheol nuachumtha ag John agus tá cúpla píosa traidisiúnta ann fosta.

Áilleacht – Pádraigín Ní Uallacháin

Cnuasach d’amhráin nua-scríofa ag Pádraigín Ní Uallacháin, ceoltóir agus ceolscríbhneoir Ultach, atá in Áilleacht. Taifeadta i dTeileann, díríonn na hamhráin ar an ghrá. Chomh maith le hamhráin Phádraigín, tá ‘Cruit Dhubhróis’, scríofa ag an fhile iomráiteach Biddy Jenkinson.

Léirithe ag Steve Cooney agus Palle Mikkelborg ón Danmhairg, tá slua breá ceoltóirí le cluinstin ar Áilleacht, Iarla Ó Lionáird, Laoise Kelly, Odhrán Ó Casaide, Helen Davies, Mikkel Nordsø, agus Brian Dunning ina measc.

One Penny Portion – Lasairfhíona

Deich mbliana ó eisíodh ‘Flame of Wine’ agus cúig bliana déag ó sheoladh ‘An Raicín Álainn’, tá áthas orainn, sa deireadh thiar thall, One Penny Portion a chluinstin. Ó Inis Oírr ó dhúchas di, is ceirnín séimh é seo, agus é léirithe arís ag an fhidléir agus cumadóir Máire Breathnach.

Chomh maith leis na hamhráin mhóra ‘Éamonn an Chnoic’ agus ‘An Chuilfhionn’, tá amhráin neamhchoitianta le cluinstin fosta ar nós ‘Éilis Nic Dhiarmada Rua’ agus amhráin d’éisteoirí óga ar nós ‘She Didn’t Dance’.

Westward – Éilís Kennedy

Ceoltóir binn as Iarthar Chiarraí í Éilís Ní Chinnéide atá i ndiaidh a tríú ceirnín aonair Westward a eisiúint. Tá aithne uirthi na laethanta seo mar leath den dísreach Lumière, i gcomhluadar Pauline Scanlon.

Tá leagan bríomhar, nua den seanamhrán grinn ‘An tÚll’, a d’fhoghlaim sí óna máthair Edna Ní Chinnéide, chomh maith le ‘Pé in Éirinn Í’ ón fhile Uilliam Dall Ua hEarnáin. Tá scríbhneoireacht cheoil Éilís le cluinstin ar Westward ar an sáramhrán álainn ‘The Flannel Red’, chomh maith le ceann d’amhráin mhóra na hAlban, ‘Cailín Mo Rún-sa’.

Na Mooneys – Na Mooneys

Tá sloinne chlann Uí Mhaonaigh ar comhchiall le ceol aduaidh na tíre seo. Tá clú ar Mhairéad Ní Mhaonaigh mar cheoltóir agus fidléir leis an ghrúpa Altan. Sular bhunaigh Mairéad Altan leis an Fheirsteach Frankie Kennedy, bhí sí ina ball de Ragairne i dteannta a dearthár Gearóid agus Conallach eile, Enya. Ar an cheirnín seo tá Anna Ní Mhaonaigh le cluinstin, í féin ina ball den ghrúpa Macalla le Seosaimhín Ní Bheaglaoich, agus an fidléir Ciarán Ó Maonaigh ón ghrúpa Fidil, mac Ghearóid.

Tá guth Nia, iníon Mhairéad le cluinstin, chomh maith le huirlisí éagsúla Manus Lunny, a léirigh an t-albam. Ceann de bhuachphointí Na Mooneys ná ‘A Óganaigh Óig’ agus fonn nuachumtha leis, agus Dónal na Gealaí faoi stiúir ghlór Anna Ní Mhaonaigh.

Lonesome George – Lonesome George

Thosaigh Lonesome George mar ghrúpa i dteach tábhairne an Sunflower ar Shráid Union i gcathair Bhéal Feirste. Le glórthaí, olldord, giotáir, fidle, bodhrán agus bainseó sa mheascán, is tionscnamh ar leith é seo lán d’amhráin nuachumtha agus foinn athchóirithe.

Tá cóiriúcháin aisteacha, áthasacha ann spreagtha ag damhsaí Giúdacha, agus ceol Calypso Mhuir Chairib ó dhearcadh na gceoltóirí traidisiúnta.

Mo Chamán Bán – Éamonn Ó Faogáin

Duine de phearsana móra Bhéal Feirste, bhí comhghrá ag Éamonn Ó Faogáin don cheol agus don iománaíocht. Bhí Éamonn Mór mar bhall ceannródaíoch de Chór Aifreann Feirste agus mar stiúrthóir ceoil acu ar feadh breis is 30 bliain.

Cé gur éag Éamonn anuraidh, tá stór amhrán luachmhar fágtha ina dhiaidh aige. Is taisce amhrán Gaeilge agus Béarla faoin iománaíocht é Mo Chamán Bán agus guth binn an fhir mhóir féin le cluinstin ann.

Turrys – Ruth Keggin

Is as Oileán Mhanann Ruth Keggin a bhfuil dhá cheirnín i nGaeilge Mhanann eisithe aici. Tá sí fosta ina ball den ghrúpa ‘Aon Teanga’ in éineacht le Mary Ann Kennedy (Gàidhlig) agus Eoghan Ó Ceannabháin (Gaeilge).

Is féidir cosúlachtaí agus difríochtaí idir ár nGaeilge féin agus Gaeilge Mhanann a chluinstin agus an stíl faoi leith atá ag Ruth agus ceoltóirí tíre an oileáin. Beidh aithne ar Ghaeilgeoirí ar ‘Ushag Varrey’ (taifeadta ag Éamonn Ó Faogáin agus Gráinne Holland), agus seans ann cúpla focal Mhanainnise a fhoghlaim ón cheirnín álainn seo.

Modal Citizen – Josie Nugent

Is as an Chlár do Josie Nugent a bhfuil cónaí anois uirthi i mBéal Feirste lena fear céile, an píobaire Brian Stafford. I ndiaidh di cúpla albam a thaifeadadh lena fear céile agus lena deirfiúr Mary, d’eisigh Josie a céad cheirnín aonair, Modal Citizen, anuraidh.

Is bailiúchán d’fhoinn as an Chlár, as tuaisceart na hÉireann, as Sasana agus as an tSualainn atá ar an cheirnín seo, le veidhlín ochtach, fidil Stroh agus pianó stáitse MK1 le cluinstin air. I gcomhluadar Josie tá na sárcheoltóirí Mary Nugent, Nigel agus Dianne Boullier, Geordie McAdam, Alan Burke, Sean O’Donnell, Séamus O’Kane agus Mark Wilson.

North – Conor Caldwell agus Danny Diamond

Is fidléirí Feirsteacha iad Conor Caldwell agus Danny Diamond a bhfuil cáil bainte amach acu mar bhaill de ghrúpaí éagsúla. Thaifead siad ‘North’ i stiúideo Thaisce Cheol Dúchais Éireann i mBaile Átha Cliath.

Is léachtóir é Conor i Roinn na nEalaíon Cruthaitheach in Ollscoil na Ríona. Tá Danny ina bhall de na grúpaí Mórga agus Slow Moving Clouds.

Leave a Comment

You must be logged in to post a comment.