Aistear

Diarmuid Ó Súilleabháin

£3.40

Out of stock

SKU: 878 Catagóir:
1874700109

Cur síos

‘Ach anois sa scríbhneoireacht is déanaí uaidh ‘Aistear’ tá tairseach an Bháis curtha de ag Diarmaid Ó Súilleabháin; cuireann sé spéis in ollbheith an duine gan a shrianta fisicúla. Sa chás nár bhac Sartre ná a chompánaigh leis an saol eile tá fonn ar Ó Súílleabháin an saol seo lena theorainneacha agus a chonstaicí a shárú agus teastaíonn uaidh dul i mbun scrúduithe ar an mbeith post mortem … Tá blas den saol thall le brath ar gach eachtra a n-instear faoi, ceiliúradh atá ann dáiríre don saol eile atá á shíneadh féin isteach inar raon braistine abhus … seo sroiste sinn ag uasphointe liteartha i dteanga ar bith atá ina shaintreith den chuid is fearr de scríbhneoireacht dhéanach Uí Shúileabháin.

Tá ciorcalú nach mór a dhéanamh ag Ó Súilleabháin ar an Nua Eiseachas ar thagraíomar dó cheana. Déantar íonú ar bhunphrionsabal an eiseachais sin, aistrítear an creideamh bunúsach i mbeith na Cruthaíochta (an bheith dhaonna go háirithe) go críocha síoraí, ní bhactar a thuilleadh le constaiscí an tsaoil fhisiciúil.’ – Seosamh Ó Murchú.

Léirmheasanna

Reviews

Níl aon léirmheasanna ann go fóill.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

Táirgí gaolmhara