An bhFuil Stacey ag Iompar?

Tomás Mac Síomóin

Sa stoc

SKU: 19077 Catagóir:
6660012110544

Cur síos

An bhliain 2517. An Grianchóras cóilínithe ag an gcine daonna. Éirinn ina cúige den Eorareich. Baile Átha Cliath faoi uisce. An Muileann Cearr mar phríomhchathair na tíre. Féachann an tOllamh Siobhán Chan, príomhscoláire Gaeilge a linne agus an teangeolaí, an Dr. Maolshechlainn Krumpf leis an náisiún a ghin an Tíogar Ceilteach a thuiscint. Cáipéis dhiamhrach a tháinig chun solais na céadta bliain roimhe sin i nDusseldorf na Gearmáine atá mar fhoinse eolais acu. Cur síos i nGaeilge chraicneach ar mhórphlódú tráchta a leathnaigh ó chósta go cósta i mblianta tosaigh na Mílaoise reatha, atá sa gcáipéis chéanna. Fíonn údar anaithnid An bhfuil Stacey ag Iompar? an greann dorcha trína chur síos beoga siúd ar ghnása grá, gnéis is clainne a bhaineann leis na tiománaithe, é féin san áireamh, atá sáinnithe ag an bplódú tráchta seo.

Spotsholas míthrócaireach is ea An bhfuil Stacey ag iompar? ar shaol iarGhaelach na huaire agus ar chóras leatromach a fhágann Éirinn san riocht ina bhfuil sí.

Tomás Mac Síomóin

Tá cónaí ar an údar, Tomás Mac Síomóin, sa gCatalóin. Bitheolaí, file, scéalaí, tráchtaire agus tuilleadh is ea é. Is iomaí gradam atá bronnta ar a chuid saothair. Níos tábhachtaí fós, is iomaí duine a fuair lón machnaimh uaidh. Cuirfidh an scéal spreagúil spleodrach seo, An bhfuil Stacey ag iompar?, an ceathrú úrscéal uaidh, samhlaíocht an léitheora ag rince.

Léirmheasanna

Reviews

Níl aon léirmheasanna ann go fóill.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

Táirgí gaolmhara