Ar Luch agus Ar Dhuine (Crua) As Cló/Out of Print

John Steinbeck

£13.50

Out of stock

SKU: 28567 Catagóir:
9781911363224

Cur síos

Eagrán álainn Gaeilge den tseanchlasaic le John Steinbeck Of Mice and Men a céadfhoilsíodh in 1937, ceann de mhórshaothair na haoise seo caite.

Beirt spailpíní iad George agus Lennie, i gCalafóirne i dtríochaidí an chéid seo caite. Fathach urrúnta ‘ar chiall na bpáistí’ é Lennie agus bíonn George ag tabhairt aire dó. Agus cé nach bhfuil acu de mhaoin an tsaoil ach an t-éadach ar a ndroim, tá aisling acu – feirm bheag a cheannach dóibh féin agus a bheith ‘beo ar mhéith na tíre’.

An Garbhadas, an Mhíofaireacht agus an Suarachas

Tá Ar Luch agus ar Dhuine ar cheann de na scéalta is cumhachtaí dár scríobh John Steinbeck. Tá an garbhadas ann, agus an mhíofaireacht agus an suarachas, ach is é an cineáltas agus an grá atá in uachtar. Scéal gairid é ach, más ea féin, beidh cuimhne fhada air ag an té a léifidh.

An saothar seo le Colmcille Ó Monacháin, tá sé ar cheann de na heiseamláirí aistriúcháin is breátha dá ndearnadh le tamall de bhlianta.

Driſters in search of work, George and his childlike friend Lennie, have nothing in the world except the clothes on their back — and a dream that one day they will have some land of their own. Eventually they find work on a ranch in California’s Salinas Valley, but their hopes are dashed as Lennie — struggling against extreme cruelty, misunderstanding and feelings of jealousy — becomes a victim of his own strength.

Léirmheasanna

Reviews

Níl aon léirmheasanna ann go fóill.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

Táirgí gaolmhara