Athrú ag Teacht: Conradh na Gaeilge, ardfheis 1915 agus éirí amach na Cásca

£9.50

Aindrias Ó Cathasaigh

Only 1 left in stock

SKU: 35024 Catagóir:

Cur Síos

Tá a fhios ag an saol céard a tharla ar ardfheis Chonradh na Gaeilge i 1915, nach bhfuil? De thorad uisce faoi thalamh, glacadh le rún go mbeadh saoirse na tíre mar chuspóir ag an gConradh, agus d’éirigh Dubhghlas de hÍde as mar uachtarán dá bharr. Ligeadh an pholaitíocht isteach den chéad uair, rud a chuir deireadh le ré órga na hathbheochana. Sin é a tharla, nach ea?

Ach tá an fíorscéal i bhfad Éireann níos casta – agus níos spéisiúla – ná an leagan coitianta sin. Tá fiosrú grinn géar déanta air den chéad uair sa leabhar seo. Tarraingíonn sé ar cháipéisí an Chonartha, nuachtáin na linne, díospóireachtaí na n-ardfheiseanna, tuairiscí na bpóilíní, cuimhní na ndaoine a bhí páirteach, agus an anailís atá déanta ó shin i leith.

Tá cur síos cuimsitheach le fáil anseo ar an gcaoi ar phléigh an Conradh le polaitíocht shuaite na haimsire sin: an cogadh mór, an ardfheis chinniúnach, ag éirí amach na Cásca. Caitear solas úr ar eachtraí agus pearsana na tréimhse, agus an caidreamh deacair idir an teanga is an pholaitíocht.

Is staraí Aindrias Ó Cathasaigh atá ar thús cadhnaíochta ag cíoradh na tréimhse réabhlóidí i nGaeilge. Chomh maith le dhá leabhar is dhá sraith teilifíse ar an éirí amach, tá leabhair scríofa aige arfhrithdhúnadh 1913, Séamus Ó Conghaile, agus polaitíocht Phádraic Uí Chonaire. Tá nuachtáin radacacha Gaeilge ó na blianta sin curtha inár láthair aige, agus ní hé seo an chéad uair aige stair chorrach Chonradh na Gaeilge a insint.

Additional information

Meachán 254 g
Dimensions 210 × 148 × 10 mm
Údar/Creidiúint

Aindrias Ó Cathasaigh

Léirmheasanna

Níl léirmheasanna scríofa ar an thairge seo go fóill.

Scríobh an chéad léirmheas ar “Athrú ag Teacht: Conradh na Gaeilge, ardfheis 1915 agus éirí amach na Cásca”

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.