Cathracha i gCóngar is i gCéin

Eoghan Ó Néill

Sa stoc

6660012110445

Cur síos

Is iomaí cathair atá siúlta ag Eoghan Ó Néill sna 30 bliain is breis ar an ród dó. Agus sa tréimhse sin, tá foghlamtha aige gur pailmseist í gach cathair, go mbíonn i bhfad níos mó faoi dhlaoi i gcathair ná mar a bhíonn le feiceáil ar an chéad nó, fiú amháin, an dara radharc.

Mar sin, ba le súil ghrinn an iriseora fhadtaithí a chuir an Niallach síos ar 17 cathair ina chéad leabhar, Cathracha, leabhar a ainmníodh ar ghearrliosta Ghradaim Glen Dimplex. Agus sa leabhar nua seo leis, tugann sé léargas géarchúiseach pearsanta dúinn ar 18 cathair eile.

Cathracha turasóireachta fadbhunaithe cuid acu, mar atá, an Róimh, Páras, Maidrid agus Vín.

Roinnt eile acu, bhíodh drogall thar na blianta ar dhaoine cuairt a thabhairt orthu – leithéidí Chathair Pheadair agus Mostar, Vársá agus Béal Feirste.

Agus tá an tríú saghas cathrach faoi chaibdil anseo – iad sin nach baol go dtabharfaidh bunús againn cuairt orthu go deo, leithéidí Lá Paz, Torshavn agus Líoma Pheiriú.

Gach cathair acu, tá saol ar leith agus scéal ar leith le haimsiú inti. Nó tá an chathair cosúil leis an duine: bíonn carachtar agus pearsantacht dá cuid féin ag gach cathair acu; bíonn guth, boladh agus mothúchán ar leith ag gach ceann acu.

Mar sin, suigh siar, léigh leat agus cuir le do lucht aitheantais.

Léirmheasanna

Reviews

Níl aon léirmheasanna ann go fóill.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

Táirgí gaolmhara