Dánta gan Baile

£6.99

Ilmar Lehtpere

Athleaganacha Gaeilge: Aogán Ó Muircheartaigh

1 sa stoc

ISBN: 6660012200269 SKU: 28897 Rannóg:

Cur síos

“Dánta deireadh saoil atá againn anseo, dánta a d’eascair as bás mall chéile an fhile. Buaileadh Sadie Murphy, arbh as Birmingham di, ar dtúis le galar Alzheimer. Sciob sin ó Ilmar í, diaidh ar ndiaidh. Lonnaíodh i dtigh banaltrais ar ball í ach do bhuail Cóibhid-19 ansan í fara mórán othar eile. Ba é ba chúis bháis di go luath – bás uaigneach. Ba mhór idir sin agus an saol sona a bhí aici roimhe sin lena fear, Ilmar, fear a rugadh is a tógadh – le hEastóinis agus le Béarla – sna Stáit Aontaithe. Lonnaigh sé ar ais san Eastóin agus ghearr slí dó féin mar fhile, mar aistritheoir, mar scríbhneoir. A chuid ar dhánta Kristiina Ehin a chuir ar ár n-aithne ar dtúis é gur fhás comhoibriú idir é, mé féin agus Aogán. Mór againn beirt an caidreamh leis i gcónaí, an comhshaothrú agus an cairdeas a d’eascair as i rith na mblianta. Bailiúchán ar leith, dánta áille tógtha go Gaeilge álainn ag Aogán ag buanú na nascanna  eadrainn.”  – Pádraig Ó Snodaigh

 

Eolas breise

Meachán 96 g
Toisí 210 × 148 × 4 mm

Reviews

Níl aon léirmheas ann go fóill.

Scríobh an chéad léirmheas fa dtaobh ar “Dánta gan Baile”

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.