Dánta gan Baile

Ilmar Lehtpere, Aogán Ó Muircheartaigh

Sa stoc

SKU: 28897 Catagóir:
6660012200269

Cur síos

“Dánta deireadh saoil atá againn anseo, dánta a d’eascair as bás mall chéile an fhile. Buaileadh Sadie Murphy, arbh as Birmingham di, ar dtúis le galar Alzheimer. Sciob sin ó Ilmar í, diaidh ar ndiaidh. Lonnaíodh i dtigh banaltrais ar ball í ach do bhuail Cóibhid-19 ansan í fara mórán othar eile. Ba é ba chúis bháis di go luath – bás uaigneach. Ba mhór idir sin agus an saol sona a bhí aici roimhe sin lena fear, Ilmar, fear a rugadh is a tógadh – le hEastóinis agus le Béarla – sna Stáit Aontaithe. Lonnaigh sé ar ais san Eastóin agus ghearr slí dó féin mar fhile, mar aistritheoir, mar scríbhneoir. A chuid ar dhánta Kristiina Ehin a chuir ar ár n-aithne ar dtúis é gur fhás comhoibriú idir é, mé féin agus Aogán. Mór againn beirt an caidreamh leis i gcónaí, an comhshaothrú agus an cairdeas a d’eascair as i rith na mblianta. Bailiúchán ar leith, dánta áille tógtha go Gaeilge álainn ag Aogán ag buanú na nascanna  eadrainn.”  – Pádraig Ó Snodaigh

 

Léirmheasanna

Reviews

Níl aon léirmheasanna ann go fóill.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

Táirgí gaolmhara