Cur Síos
Gí gur daingean Gaeilge atá in oileán Thóraí leis na céadta bliain, chan ionann is oileáin Ghaelacha eile ar chósta na hÉireann, níl cail na scríbhneoireachta ar an oileán seo. Dá thairbhe sin cuirimid fearadh na fáilte roimh an úrscéal bhrea seo ó dhuine de mhuintir an oileáin, mar atá, Séamus Mac a’ Bhaird, a scríobhadh sa chéad cheathrú den aois seo caite.Leabhar eiseachtúil atá ann ar go leor bealaí-scéal ar shaol dhrabhlásach Phaidí Phradar ó cheann ceann na cruinne, scéal ata lán d’eachtraíocht, saol de chinéal nach gcastar orainn de ghnath i litríocht na gaeilge agus é sin scríofa i gcanúint shaibhir Thóraí nach bhfuil ar béal na ndaoine níos mó. Solamar breá ón tSeanaimsir.
Léirmheasanna
Níl léirmheasanna scríofa ar an thairge seo go fóill.