Éalú

£6.75

Matt Ó Maoinaigh

2 in stock

ISBN: 666012210459 SKU: 30126 Category:

Description

File agus fear filíochta go smior é Matt Ó Maonaigh. Tá a shaol go dtí seo caite aige ag cleachtadh na ceirde agus ag cur an fhilíocht chun cinn sa phobal. Tugann an cnuasach seo ardú meanman don léitheoir. Ní cheapfá gurbh é a chéad chnuasach Gaeilge é. Tá na dánta ann gonta, fuinte, snoite, spreagúil agus léiríonn siad dearcadh dearfach an fhile i leith an tsaoil. Tá iontaisí agus míorúiltí an dúlra agus cúrsaí a shaoil féin léirithe go beacht agus go fileata aige.

Ach táimid i mbaclainn an lae . . .

duilleoga tirime ar an dtalamh,

siosarnach le tarraingt na gcos. (Lac Genval)

Tugtar tús áite don ghrá – grá daonna, grá áite agus grá pobail. Léiríonn sé an grá céanna do Chill Chríost i nDeisceart na Gaillimhe, an áit as a dtáinig sé agus a léiríonn sé do Lios Tuathail i gCiarraí, an áit ina bhfuil sé lonnaithe le fada an lá. Tá dán álainn scríofa aige in ómós do laoch na caide, Mick O’ Connell:

Réaltaí na spéire go beo ag caochadh súl ar a chéile le meas ar ár laoch, Micko.(Micko)

Additional information

Weight 101 g
Dimensions 210 × 149 × 4 mm

Reviews

There are no reviews yet.

Be the first to review “Éalú”

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.