Gleann ar Ghleann

Michael Davitt

Out of stock

SKU: 749 Catagóir:
862890063

Cur síos

Rugadh Michael Davitt i gcathair Chorcaí i 1950. Cé gur le Béarla a tógadh é, bhí an Ghaeilge ar a thoil aige in aois 12 bhliain dó. Chuir sé aithne go luath ina shaol ar Ghaeltachtaí Mhúscraí agus Chorca Dhuibhne.

Fuair sé meánoideachas trí Ghaeilge sa Mhainistir Thuaidh agus foilsíodh a chéad dánta in Agus i 1966. Bhain sé céim sa Léann Ceilteach amach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, i 1971. Le linn dó a bheith sa Choláiste bhunaigh sé an tréimhseachán liteartha Innti a bhí- agus atá fós- mar bhonn don bhorradh suntasach sa nuafhilíocht.

Chaith sé seal ina mhúinteoir garimscoile, ina thaigdeoir teangeolaíochta agus ina mhúinteoir dianchúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta. Bhí sé ina bhainisteoir ar an ógfhéile náisiúnta, Slógadh, ó 1974 go dtí 1978. Thug sé seal gairid ansin in amharclann An Damer agus ina dhiaidh sin ina bhainisteoir ar Rannóg na gCeirníní i nGael-Linn. É pósta agus beirt chlainne air.

Bhronn An Chomhairle Ealaíon sparántacht air i 1980 chun seal a chaitheamh ina chónaí sa Ghaeltacht agus díriú ar an scríobhneoireacht. Chaith sé ó Mhárta go Meán Fómhair 1981 ina chónaí i nDún Chaoin agus is le linn na tréimhse sin a chuir sé an chéad chnuasach seo dá chuid filíochta i dtoll a chéile.

Léirmheasanna

Reviews

Níl aon léirmheasanna ann go fóill.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

Táirgí gaolmhara