Imram agus scéalta eile

Róise Ní Bhaoil

Sa stoc

9781914482038

Cur síos

Tugtar ar thurais muid sna gearrscéalta seo, turais intinne, turais go críocha adaine, turais go tíortha atá stollta ag an choimhlint agus ag an athrach; ach is turais go croí na daonnachta iad go léir, le daoine atá ag cuartú saol dóchasach úr nó le daoine a bhfuil mórghluaiseachtaí daonna ag léiriú an éagthromais, feictear an daonnacht ina steillbheatha sna scéalta seo. Inste i nguth tomhaiste deisbhéalach, tá scéalaíocht Rann na Feirste i stíl liteartha chomhaimseartha an lae inniu le sonrú go soiléir sa tsaothar seo.

 

“Cnuasach gearrscéalta as an choitiantacht atá ann, cnuasach a chuireann comaoin ar an ghearrscéal Gaeilge agus a chuireann casadh ann fosta. Is furast’ aithne go bhfuil ómós ag Róise Ní Bhaoill do na scríbhneoirí a chuaigh roimpi, ach is é an t-ómós is fearr i gcúrsaí scríbhneoireachta do chuid féin a dhéanamh den traidisiún – rud atá déanta aici. Idir stíl agus dearcadh saoil, tá úire le brath ar na scéalta seo. Seo údar a bhfuil a guth féin aici…

“Agus bíodh go bhfuil saibhreas Gaeilge as cuimse sna scéalta seo, ní hionann iad agus scéalta eile dá bhfuil léite agam, ina ndéantar sean-nathanna a dhí-adhlacadh ó reilig na bhfoclóirí agus gan de chuspóir leis, dar leat, ach taispeántas dea-Ghaeilge. Na híomhánna agus na samhlacha is cumhachtaí anseo, ní bhfaighfear iad i gcnuasach cora cainte ar bith nó is toradh ar shamhlaíocht an údair iad.”  – Antain Mac Lochlainn

Léirmheasanna

Reviews

Níl aon léirmheasanna ann go fóill.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

Táirgí gaolmhara