Macallaí na Cásca 20 Óglaigh 1913-16 Chill Airne

£6.60

Tomás B Ó Luanaigh

Only 1 left in stock

SKU: 25345 Catagóir:

Cur Síos

Ar fhilleadh abhaile dó ón Rotunda i mBaile Átha Cliath tar éis bhunú Óglaigh na hÉireann, thug Pádraig Ó Siochfhradha (an Seabhac) aghaidh ar ‘An Dún’ i gCill Airne chun a rang Gaeilge a mhúineadh mar ba ghnáth. Bhailigh daichead ógánach an doras isteach chun freastal ar an rang seachtainiúil, agus shiúil amach an chéad bhuíon d’Óglaigh na hÉireann i gCiarraí. B’shin oíche Dé hAoine 28 Samhain 1913.

Léireofar sa saothar seo conas a tharla an t-éacht céanna, an cúlra a bhí leis agus an toradh a bhí air. Nochtfar an tslí inar mhéadaigh buíon an Dúin ó dhaichead Óglach ar an oíche gheimridh úd ar bhruach Loch Léin go dtí buíon mhór Óglach fé airm. Pléifear cad a bhain dóibh fé Cháisc 1916, agus mar a sheasadar an géibheann ina dhiaidh sin.

Seo an fichiú leabhar sa tsraith Macallaí na Cásca, a dhéanann comóradh ar éirí amach na Cásca trí léargais don lá inniu agus feasta a bhaint as.

Additional information

Meachán 120 g
Dimensions 209 × 148 × 5 mm
Údar/Creidiúint

Tomás B Ó Luanaigh

Léirmheasanna

Níl léirmheasanna scríofa ar an thairge seo go fóill.

Scríobh an chéad léirmheas ar “Macallaí na Cásca 20 Óglaigh 1913-16 Chill Airne”

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.