Cur Síos
Mar chuid de chomóradh 100 bliain Éirí Amach na hÉireann sa bhliain 1916 d’iarr Conradh na Gaeilge ar Alan Titley dráma a scríobh do dhaoine óga. Is é an dráma seo AN FILLEADH toradh an iarraidh sin.
Chuir an Conradh comórtas ar bun idir scoileanna féachaint cé acu ab oiriúnaí a léireodh an dráma. Bhí freagairt mhaith ar an gcomórtas, ach ar deireadh roghnaíodh Gaelcholáiste an Phiarsaigh, BÁC chun an dráma a léiriú faoi stiúir Rachel Ní Fhionnáin. Cuireadh ar an stáitse é Luan Cásca 2016 in Amharclainn na Mainistreach a bhí lán thar doras amach de phobal na cathrach!
Léirmheasanna
Níl léirmheasanna scríofa ar an thairge seo go fóill.