Mar a Fuair Cú Chulainn a ainm

Máirtín Mac Grianna

£4.50

Out of stock

SKU: 20279 Catagóirí: ,
9781780850450

Cur síos

Seans gurb é Cú Chulainn an laoch is cáiliúla i miotaseolaíocht na hÉireann, ach sa scéal seo athráite ag Máirtín Mac Grianna, foghlaimímid faoi Chonall Cearnach, fear le stádas ard sa tír ag an am sin, agus an páiste óg a thóg sé agus a chosain sé ó thodhchaí amhrasach.

Oíche amháin imíonn Conall leis chuig bainis i dtigh Chulainn Gabha, agus i ngan fhios dó leanann a mhac é. Fad is atá an buachaill óg ag imirt iomána taobh le hionad na bainise, buaileann sé agus maraíonn sé cú trí thimpiste. Seo é an cú iomráiteach a chosain clann Chulainn ó thriúr fathach go rialta.  Téann an buachaillín ar tóir na bhfathach seo chun a fhiachas a aisíoc, agus nuair a éiríonn leis, glacann sé áit an chú mar chosainteoir tí Chulainn as sin amach.

Scéal draíochta é seo le téama simplí, ach cuirtear i láthair é le stíl an-éifeachtach. Úsáidtear scáthchruthanna agus iad curtha ar íomhánna geala fótagrafacha ar gach leathanach, rud a chabhraíonn le híomhá intinne a chruthú, ach a ligeann don léitheoir a shamhlaíocht féin a úsáid ag an am céanna. Leagan amach an-tarraingteach é dá bharr. Tá gluaiseanna iniata ó am go chéile chun cabhrú leis an léitheoir, agus tá siad seo fiú maisithe ionas go seasfaidh siad amach. Cé go bhfuil cuma dhorcha ar roinnt de na léaráidí, oireann siad go mór don téacs agus cuireann siad an seansaol i gcuimhne dúinn láithreach.

Leabhar taitneamhach é seo le gnéithe den ghrá, aighneas, chogadh agus chrógacht. Thaitneodh an scéal féin le léitheoirí idir óg agus aosta, ach tá cúpla íomhá ann a chuirfeadh isteach ar pháistí óga agus mar sin mholfainn é do dhaoine dhá bhliain déag d’aois agus níos sine, ach le muinín acu as a gcuid Gaeilge.

Léirmheasanna

Reviews

Níl aon léirmheasanna ann go fóill.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

Táirgí gaolmhara