- You cannot add "Saint Brigid of Kildare Life, Legend and Cult" to the cart because the product is out of stock.
Cur síos
Os Cionn Talún an tríú cnuasach dá chuid féin ag Aogán Ó Muircheartaigh ó ghnóthaigh Oíche Ghréine duais an Ríordánaigh. Níl aon laige tagtha ar a chumas ó shin. Tá scil ar leith aige i saothrú na teanga. Ní hamháin go bhfuil sé sáite i stair agus sánas na bhfocal féin ach tá cluas íogair aige do ghaol na bhfocal dá chéile agus a n-áiteacha cuí i rithimí is rothag na véarsaíochta. Anuas ar an buanna teanga san tá a bhfuil le rá aige taitneamhach, tathagach, tábhachtach; tuiscint don duine is do chás an duine, géim agus dólás an duine, gr a is dóchas sa treis.
Tá cónaí ar Aogán i nDún Chaoin. B’as Dún Síon dá athair agus ba ó Dhairbhre dá mháthair. Roimh a theacht go Raidió na Gaeltachta, chaith sé dorn blianta ag teagasc i gColáiste Eoin. Shaothraigh sé mar eagarthóir ar Feasta agus ar leabhair Chlódhanna a bhí beo bríomhar an tráth sin. Liosta le háireamh na haistriúcháin is athleaganacha a chuir sé de mar is léir ó na liostaí ar leathanaigh 78 is 79 istigh.
Nára fada uainn a chúigiú cnuasach.
Reviews
Níl aon léirmheasanna ann go fóill.