Pobal na Gaeilge: Daonra, Institiúidí, Stádas, agus Cumhacht (bog)

Pádraig Breandán Ó Laighin

Sa stoc

SKU: 30246 Catagóir:
9781838354404

Cur síos

Cuirtear athrú paraidíme i láthair sa leabhar seo maidir le tuiscintí ar phobal na Gaeilge agus ar ról theanga an phobail sin i sochaí na hÉireann.

Déantar anailís leathan ann ar cheisteanna daonra, institiúidí, agus stádais, i gcomhthéacs léirmheas grinn ar bheartais oifigiúla – bídís follasach nó folaithe – lena ndáiltear cumhacht agus cead riartha, agus lena gcothaítear patrúin cheannais agus imeallaithe.

Dírítear aird ar leith ar eisiamh na Gaeilge as fearas riaracháin an Stáit, agus ar an tslí a n-úsáidtear an córas dlí mar uirlis sa phróiseas sin. Déantar scagadh ar cheisteanna a bhaineann le neamh-chomhlíonadh dualgas reachtúil, agus conas an chuntasacht a chinntiú, agus cíortar go mion tionscnaimh reachtacha agus gealltanais sa Phoblacht agus i dTuaisceart Éireann araon.

Pléitear cur i bhfeidhm na pleanála teanga sa Ghaeltacht, agus cur chuige an Stáit ina leith. Déantar neart phobal na Gaeilge thar thoisí éagsúla stádais a chur in iúl agus a cheiliúradh. Ach aithnítear, freisin, go bhfuil luach na Gaeilge mar theanga a thacaíonn le dul chun cinn pearsanta sa saol – is é sin, a stádas soch-eacnamaíoch, atá láranach dá húsáid ó lá go lá agus dá seachadadh ó ghlúin go glúin – i mbaol.

Cuirtear moltaí suimiúla reachtaíochta i láthair sa leabhar chun an Ghaeilge a institiúidiú mar theanga oifigiúil agus oibre, de facto, san fhearann poiblí, chun a luach mar chaipiteal cultúrtha a chur chun cinn i ngaol comhlántach leis an mBéarla, chun tacú lena seachadadh leanúnach ó ghlúin go glúin, agus chun a húsáid a normalú sa saol laethúil.

Is sa tsocheolaíocht atá an leabhar Pobal na Gaeilge fréamhaithe, ach tá sé idir-dhisciplíneach ina raon léinn, agus áirítear ann léirmhínithe atá bunaithe ar thaighde oideachais, síceolaíochta, agus sochtheangeolaíochta, chomh maith leis an dlí-eolaíocht agus teoiric na polaitíochta.

Le stíl bhreá scríbhneoireachta, tugtar cuireadh don léitheoir ginearálta agus don speisialtóir araon breathnú as an nua, faoi threoir an údair, ar phobal na Gaeilge.

Léirmheasanna

Reviews

Níl aon léirmheasanna ann go fóill.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

Táirgí gaolmhara