Prochóg na Luchóg
Padraig Mac a' Ghoill
£13.50
Sa stoc
Cur síos
Ba theach lóistín i nGlaschú é Prochóg na Luchóg, áit a bhféadfadh bean déirce lóistín na hoíche a fháil ar chúpla pingin, agus ní chuirtí aon duine ó dhoras. Chonaic Pádraig Mac a’ Ghoill an domhan a ndeachaigh sé i dtaithí air mar phrochóg mhór amháin den chineál céanna.
Insíonn sé scéal tragóideach Nóra Ní Riain, bean óg a chaith saol bocht i dTír Chonaill ag deireadh na naoú haoise déag. Déanann sí an ‘peaca mór’ agus í ag sclábhaíocht in Albain, agus fágtar an an trá fholamh í i bprochóg an tsaoil mhóir.
Tá an scéal seo ina dheirfiúr ag Páistí an Chinn Chaoich, leabhar clasaiceach Mhic a’ Ghoill faoi shaol na n-imirceach agus na náibhithe. Tá an dá scéal fite fuaite ina chéile agus iad ag cur síos ar leatrom na dtiarnaí talún, cumhacht na cléire agus saibhreas na dtoicí móra.
A wonderful translation by Mícheál Mac Giolla Easbuic of The Rat-Pit (first published in 1915) by Patrick McGill.
Reviews
Níl aon léirmheasanna ann go fóill.