Sadhbh

£16.20

4 in stock

SKU: 33597 Catagóir:
978191381517

Cur síos

An bhean óg a fhaigheann an ceann is fearr ar na fir

Scéal cliste greannmhar atá sa phictiúrleabhar seo do léitheoirí fásta faoi bhean óg a sheasann an fód in aghaidh na bhfear — agus in aghaidh Rí Mumhan ach go háirithe. Athinsint atá ann ar cheann de na scéalta is breátha dá bhfuil againn sa tseanlitríocht, Ceasacht Iníon Ghuile.

Leabhar raibiléiseach grinn

Díol suntais an scéal mar go bhfuil príomhpháirt ann ag pearsa de chuid na staire, Féilimí mac Criomhthainn Rí Mumhan (+847). Is i bpáirt an rí ghaoismhear chríonna atá Féilimí agus is í Sadhbh an bhean óg a thugann a dhúshláin agus a fhaigheann beannú an rí i ndeireadh an scéil.

Ní hé amháin go bhfaigheann Sadhbh an ceann is fearr ar an seanrí, ach faigheann sí an ceann is fearr freisin ar na fir a dhéanfadh beag di, rud a léirítear i radharc raibiléiseach i dtús an scéil.

Léirmheasanna

Reviews

Níl aon léirmheasanna ann go fóill.

Bí ar an gcéad duine a dhéanfaidh léirmheas ar “Sadhbh”.

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Táirgí gaolmhara