Scéalta Draíochta Mhicí Sheáin Néill

Micí Sheáin Néill Ó Baoill, Caitlín Nic Niallais

Sa stoc

9781916047075

Cur síos

Bailiúchán scéalta béaloidis a d’aithris an seanchaí Micí Sheáin Néill as Rann na Feirste, curtha in eagar ag Caitlín Nic Niallais.

Ba scothscéalaí agus seanchaí é Micí Sheáin Néill Ó Baoill a mhair i Rann na Feirste sa chéad seo caite. Thiocfadh scoláirí agus bailitheoirí béaloidis ó gach cearn le héisteacht lena shruth binn cainte ag aithris scéalta a tháinig anuas chuige thar na glúnta. Is éard atá sa leabhar seo ná bailiúchán de na scéalta draíochta a d’inis Micí Sheáin Néill agus nach bhfuil ann ach an aon insint amháin daofa scríofa síos sa bhailiúchán atá i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, curtha in eagar ag Caitlín Nic Niallais. Tá ocht gcinn déag de scéalta draíochta ina n-iomláine anseo, scéalta samhlaíocha a mbíonn daoine ag eitilt tríd an spéir iontu, ina gcastar le fathaigh agus le beithígh neamhshaolta agus ina dtagann laochra ar ais ón bhás. Tá siad scríofa anseo díreach mar a d’inis Micí iad sa dóigh is go mbeidh glúnta eile de léitheoirí agus d’éisteoirí ábalta sult a bhaint as an tsaibhreas atá fite go dlúth iontu.

 

Léirmheasanna

Reviews

Níl aon léirmheasanna ann go fóill.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

Táirgí gaolmhara