Sciorrfhocail

Panu Petter Hoglund

Sa stoc

SKU: 19512 Catagóir:
9781904808312

Cur síos

Trí ghearrscéal agus úrscéal amháin le scríbhneoir Fionlannach a d’fhoghlaim a chuid Gaeilge ó scéalaithe agus ó scríbhneoirí móra na Gaeltachta sular tháinig sé go hÉirinn den chéad uair. Seo iad na scéalta Gaeilge a chum sé ina fhear óg dó, agus iad ar fáil faoi chlúdach leabhair anois. Scéalta iad faoi dhaoine uaigneacha a chaitheann slabhraí an uaignis díobh agus iad ag tóraíocht an ghrá. 

“Ainmhian na Máistreása Óige”: Cailín cráifeach í Pia nár thuig bealaí an ghrá riamh. Ach anois, chuaigh an grá féin i luíochán roimpi.

“Craiceann”: Tháinig mac léinn óg ar cuairt chuig a thuismitheoirí le súil a chaitheamh ar na seanbhólaí. Céard a chasfar air cois an locha i gcroí na coille, meas tú? Céard eile ach an grá féin!

“Béarlóir Deireanach an Domhain”: Chuaigh an Ghaeilge ar fud an domhain. Níl ach Gaeilge Uladh ag na Meiriceánaigh, agus fágadh an Béarla in áit na leathphingine i Sasana féin. Cén cineál saoil atá ag an mBéarlóir deireanach ar an saol seo?

“Tachtaimis an Grá Sin”: Fear óg cúthail é Somhairle nach bhfuil de chairde aige ach ógánach uaigneach eile agus nach bhfuil de chaitheamh aimsire aige ach a bheith ag amharc ar na físghránnáin. Ach lá amháin, castar cailín air nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe sin i Narkkaus, baile beag in Oirthear na Fionlainne.

Léirmheasanna

Reviews

Níl aon léirmheasanna ann go fóill.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

Táirgí gaolmhara