Seachrán Deoraí

Paddy Mhéime Ó Súilleabháin

Out of stock

SKU: 26821 Catagóirí: ,
9781857918977

Cur síos

Siúlach scéalach atá Paddy Mhéime Ó Súilleabháin. Go gairid thar éis dó an scoil a fhágáil i gConamara, bhí a fhios aige mo mbeadh air a sheolta a chrochadh agus obair éicint a chuartú thar lear. Chuaigh sé ag náibhíocht i Sasana agus Albain, fearacht na mílte eile, ach thug fonn na heachtraíochta ní b’fhaide i gcéin é. Bhlais sé de Mheiriceá na 1960idí agus é ag obair i Chicago, roimh aghaidh a thabhairt ar iargúil na hAstráile. Thar éis pósadh agus teacht abhaile tamall, thug sé aghaidh ar Cheanada, agus ansin Alasca, áit a ndeachaigh sé ag obair ar an bpíobán ola ba mhó an domhan.

Chonaic Paddy a lán, cibé áit a raibh sé, agus insíonn sé scéal a dheoraíochta anseo: na haiteacha a raibh sé, an obair a rinne sé, na fir is na mná a casadh air. Tá macallaí as Dónall Mac Amhlaigh agus Micí Mac Gabhann le cliosteáil agus é ag cur síos le greann is géarchúis ar an méid a bhain dó ar a bhealach. Is léir an rian a d’fhág na heachtraí sin air, agus fágfaidh siad rian orainne chomh maith.

Léirmheasanna

Reviews

Níl aon léirmheasanna ann go fóill.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

Táirgí gaolmhara