Snagcheol

Pól Ó Múirí

Sa stoc

SKU: 9217 Catagóir:
9781873687974

Cur síos

Is scéalta iad seo a bhfuil meáchan sa bhuille iontu: scéalta faoi chogaíocht agus faoi chaill; faoi pholaitíocht agus faoi fheall; faoi ghrá agus faoi fhuath.

Tugann Pól Ó Muirí faoi théamaí comhaimseartha ár linne—an ciníochas agus próiseas na síochána gan ach beirt a lua—agus cumann scéalta corraitheacha tochtmhara orthu. Scríobhann sé faoi shaol domhanda agus faoi dhaoine de chuid an domhain sin. As sin a thagann léargas nua ar imeachtaí an lae inniu.

Casfar carachtair ar leith ar an léitheoir: feirmeoir ó Mheiriceá Thuaidh; cócaire Síneach i mBéal Feirste; spiaire i bPáras na Fraince; iarchime ag iarraidh a shaol a atógáil.

Lena chois sin, tá aortha istigh anseo a chuirfidh an duine is duairce amuigh i mbun gáire; aortha a bhfuil tabhairt faoi deara agus greann rinneach le sonrú i ngach aon uile fhocal.

Ní mór a rá fosta go n-insítear an t-iomlán léir i dteanga bhláfar a chartfaidh an léitheoir ar aghaidh isteach i saol sainiúil samhlaíochta.

 

Léirmheasanna

Reviews

Níl aon léirmheasanna ann go fóill.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

Táirgí gaolmhara