Spásas

Marcus Mac Conghail

Sa stoc

66600212210350

Cur síos

Cnuasach úr filíochta.

Spásas. Is ar mheaisín páirceála a chonac scrite ar dtús é. Agus is breá liom an focal. Tá ‘spás’ ann agus ag a dheireadh tá an ‘as’ ag rá nach gá duit a bheith i láthair. Thaitin liom gur thug an focal le fios, ba chuma cén chúis a bhí le mo shiléig ama, go mbeadh cúig nóiméad déag agam ar na focan clampers — nach bhféadfaidís méar a leagaint ar mo chairt le linn an spásais. Le spásas éiríonn leat tabhairt faoi rudaí nár críochnaíodh, rudaí nár tosnaíodh. Is as spásas a tháinig an leabhar seo.

Marcus Mac Conghail: Bleácliathach. Tugtha don rím. Fearthainn tráth ach báisteach anois. Síollach. Sonach. Fónach. Speicreamach. É / Sé / Eisean / Seisean / Seisiún.


A new collection of poetry.

Léirmheasanna

Reviews

Níl aon léirmheasanna ann go fóill.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

Táirgí gaolmhara