An Duais agus Scéalta Eile

Frainc Ó Murchadha

£9.00

Out of stock

SKU: 18638 Category:
6660012110254

Description

Ní bhíonn sí riamh sámh nó socair ach sna featha fásaigh ag scinneadh ó áit go háit. ‘An sí gaoithe’ a thugann Daid uirthi. Cosa fada, gruaig fhionn, aoibh uirthi agus í ag gluaisceacht faoi mar a bheadh íle i ngach alt aici cosúíl le rinceoir bailé.

As ‘Imeacht Le Sruth’

Bhí solas faon ag teacht ón bhfuinneog laistiar díom, agus thug sé cruth agus láithreacht don bhalún beag den éitear ina rabhas ag maireachtaint ag an nóimead sin.

As ‘Cumarsáid’ 

Tá úrscéalta agus gearrscéalta scríofa ag Frainc Ó Murchadha i nGaeilge agus i mBéarla. Tá Duais Chuimhneacháin Éilís Dillon buaite aige as úrscéal dá chuid, chomh maith le duais Oireachtais as dráma don raidió, Ainglíocht. Thug sé léiriú íogair ar chruachás an duine sna húrscealta a d’fhoilsigh Coiscéim, Éadulaingt, Éan Corr, agus Dílseacht. Scríobh sé 1916 Cois Laoi, an seachtú leabhar sa tsraith Macallaí na Cásca, ag cur síos ar an bpáirt a ghlac Óglaigh Chorcaí in éirí amach na Cásca 1916. Iarmhúinteoir scoile is ea Frainc Ó Murchadha. Tá cónaí air i gCorcaigh. 

Idir chomhráite, chuimhní, imprisin agus smaointe curtha in iúl go héifeachtach aige. Creideann an leitheoir sa reacaire seo, ar ghníomhaí agus breathnóir é tríd síos.

…feabhas an chomhrá, roghnú cliste na mionsonraí, géar thabhairt faoi deara… le moladh go hard…

– Moltóirí ag comórtas an Oireachtais

Reviews

Reviews

There are no reviews yet.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

You may also enjoy...