Description
Cnuasach 46 aiste atá san fhéilscríbhinn seo a tionscnaíodh mar chomhartha ómóis agus buíochais do dhuine de mhórscoláirí ár linne, an tOllamh Ruairí Ó hUiginn. Is beag gné de stair agus saíocht na Gaeilge nach bhfuil saothraithe go paiteanta aige agus is mar iarracht ar a dhúthracht a chúiteamh leis atá aistí an leabhair seo leagtha amach de réir na rannóg seo a leanas:
Litríocht agus teanga sa Mheánaois luath
Litríocht agus sochaí sa Mheánaois dhéanach
Filíocht na mBard
Litríocht agus stair sa 16ú – 19ú hAois
Litríocht agus béaloideas sa 20ú hAois
Is ag tagairt do dhán le Giolla na Naomh Mac Eochadha, ina samhlaítear a phátrún le 'craobh eóluis', atá teideal an leabhair seo, Óir is geall le craobh eolais é an tOllamh Ó hUiginn, saoi nár spáráil é féin riamh ach é ag roinnt a shaineolais agus a chomhairle le teann féile.
An Léamh Ceilteach

Reviews
There are no reviews yet.