Dialann Dúradáin

Jeff Kinney

In stock

SKU: 24373 Categories: ,
9781906907990

Description

Irish translation of ‘Diary of a Wimpy Kid’ — faoin lead óg, Greg Heffley, atá ag dul i ngleic ar saol nua na meánscoile. Sa leabhar Dialann Dúradáin, cuireann an scríbhneoir agus maisitheoir Jeff Kinney laoch neamhghnách inár láthair.

…ach ní mar sin a tharlaíonn agus nach orainn atá an t-ádh nach ea! Beidh mé cáiliúil lá éigin, ach go dtí sin tá mé sáinnithe sa mheánscoil le paca amadán.

Níl sé éasca bheith óg agus beag agus is maith a thuigeann Greg Heffley an méid sin. Tá seisean caite isteach sa mheánscoil le daltaí atá níos airde, níos scanrúla agus níos fiáine ná é féin. Tá cuid acu á mbearradh féin, fiú! Ceapann Mama gur cheart do Ghreg dialann a choinneáil agus cur síos a dhéanamh ann ar a shaol. Ach ní aontaíonn Greg léi. Mar a deir sé féin: Ná bí ag súil go mbeidh mé ag scríobh síos mo chuid “mothúchán” anseo.

Tá Jeff Kinney aitheanta mar údar mórdhíola #1 ag an New York Times. Tá an gradam Favourite Book bainte cúig uaire aige ag an Nickelodeon Kids’ Choice Awards.

D’áirigh an iris Time é i measc an 100 Duine ar Domhan is Mó Tionchar.Is é Jeff a chruthaigh Poptropica, a d’ainmnigh an iris Time i measc na 50 suíomh idirlín is fearr.

Chaith sé a óige i Washington D.C. agus d’aistrigh sé go New England i 1995. Tá cónaí ar Jeff, a bhean chéile agus a mbeirt mhac i Massacusetts, áit a bhfuil siopa leabhar acu darbh ainm ‘An Unlikely Story’.

Reviews

Reviews

There are no reviews yet.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

You may also enjoy...