Macallaí na Cásca 21: Éire na Rúise – An Fhionlainn agus Éire ar thóir na Saoirse

£8.80

Andrew G Newby

In stock

SKU: 25346 Category:

Description

I measc na ndaoine a throid ar son na Poblachta in Ardoifig an Phoist i 1916, bhí Fionlannach. Ó tharla go raibh an Bhreatain ina comhghuaillí ag an Rúis, an impireacht a choinnigh a thír féin faoi chois, theastaigh uaidh buille a bhualadh uirthi. Rinne sé sin, agus cuireadh faoi ghlas é dá bharr. An bhliain dár gcionn, bhainfeadh an Fhionlainn neamhpleáchas amach, cé go leanfadh cogadh cathartha fuilteach sna sála air.

Is iomaí cosúlacht a chonacthas i gcaitheamh na mblianta idir cás na hÉireann agus cás na Fionlainne, dhá thír ag cosaint a gcultúr is a gceart ar chumhachtaí móra. Ní i gcónaí a glacadh leis gurbh í an Fhionlainn “Éire na Rúise”, áfach. Baineadh leas as an gcomparáid ar mhaithe le cuspóirí éagsúla ag amanna éagsúla, sa dá thír.

Sa leabhar seo, déanann an t-údar – comhalta taighde sinsearach in Ollscoil Heilsincí, agus saineolaí ar stair chomparáideach na Fionlainne is na hÉireann – cur síos ar na bealaí éagsúla ar plhéigh smaointeoirí agus gníomhaithe an dá thír le chéile. Tá eolas nua aimsithe aige ar Antti Mäkipaltio, an Fionlannach a throid ar son na hÉireann. Cuireann an t-iomlán go mór lenár dtuiscint ar choimhlint saoirse na hÉireann agus a comhthéacs idirnáisiúnta.

Seo an t-aonú leabhar is fiche sa tsraith Macallaí na Cásca, a dhéanann comóradh ar éirí amach na Cásca trí léargais don lá inniu agus feasta a bhaint as.

Additional information

Weight130 g
Author/Credit

A G Newby

Reviews

There are no reviews yet.

Be the first to review “Macallaí na Cásca 21: Éire na Rúise – An Fhionlainn agus Éire ar thóir na Saoirse”

Your email address will not be published. Required fields are marked *