Mo Scéal Fhéin Gearóid Willie Ó Fatharta

£13.50

2 in stock

SKU: 33726 Category:
9781784443061

Description

Sa leabhar seo, déanann Gearóid Willie Ó Fatharta cur síos ar a óige sna hÁille i gCois Fharraige, áit ar airigh sé an glaoch chun na sagartóireachta ar dtús, na hocht mbliana a chaith sé sa tSile faoi réimeas scáfar an deachtóra Pinochet, agus breis agus fiche bliain a chaith sé i favela i gcathair Salvador sa mBrasaíl, áit a bhí go mór faoi bhrú ó thaobh foréigin, drugaí agus brúidiúlacht póilíní de. Tugann sé aghaidh ansin ar an gcúis gur fhág sé na sagairt – mar deir sé fhéin, thit sé i ngrá le mnaoi, agus thóg siad clann – agus d'fhill ar Éirinn le tabhairt faoi dhúshláin nua sa mbaile.

Reviews

1 review for Mo Scéal Fhéin Gearóid Willie Ó Fatharta

  1. seamasodaimhin (verified owner)

    Seo scéal Ghearóid, a rugadh i gCois Fharraige in 1954, a chuaigh ar scoil, a d’imir peil, a ghlac páirt in Cearta Siabhialta na Gaeltachta, a chuaigh sna sagairt, a d’oibrigh sa tSile agus sa Bhraisíl mar mhisinéir faoi luí Dhiagacht na Saoirse, a phós Braisíleach mná, a bhí clann air sa Bhraisíl, agus a d’fhill ar Éirinn lena theaghlach. Chuirfinn spéis ina leithéid.

    Níl stíl ardnósach ag Gearóid, ach Gaeilge bhreá thíriúil Chonamara. Níl bladhmann ann, nó níl sé ag déanamh mór-is-fiú de fhéin, nó fiú mór-is-trua. A scéal a insint go cothromach, déarfainn, cé go mbeinn ag súil in amanna go ndéarfadh sé níos mó dúinn i dtaobh eachtraí áirithe. Is cuma cad a tharlaíos dó, olc nó maith, déanaim amach nach gcaitheann sé an iomarca ama ag déanamh ró-chaoineadh nó ró-scléip ina leith, ach ar aghaidh leis ar caitheamh a shaoil.

    Tugann sé spléachadh dúinn ar an oiliúint a bhfaigheann sagart. B’ionadh dom a fharsainge an léinn acadúil a chuireadh air, ach b’údar caidéise dom mar a chaith ábhair sagairt agus sagairt le chéile, idir chaint agus ghreann, agus an meon a mbíonn taobh thiar de. Bhí sagairt deoisí ní choiméadaí, ní ba ghustalaí ná na misinéirí a bhí ní ba radacaí, agus gan a dtuismitheoirí a bheith ina suí go te. Ní mé! Agus na cinéal sagairt a chuaigh le oird éagsúla. Agus ar na misin fhéin, ní meas mór a bhí ag misinéirí eile ar na hÉireannaigh!!

    Ní théann Gearóid isteach sna tuairimí seo ar chor ar bith. Ar shlí, níl ann mar a labhraíonn daoine in aon phost, in aon chomhlucht, bíonn breith acu, i bhfios nó i nganfhios, ar cé na daoine is “tábhachtaí”, na comhluchtaí, is na fostóirí is fearr, 7rl.

    Fear b’é Gearóid in eagras daonna ag déanamh obair spiorádálta i sochaithe faoi deachtóireachta ar a raibh cúnamh praicticiúil saecalárach de dhith. Bhí Gearóid ina chinnire sa chéad líne sa chath seo, cath anbhochtanais, cath polaitíochta, cath idir póilíní agus drongairí drugaí, cath idir daoine san eaglais ar son na mbocht agus siúd ina gcoinne. Maraithe, fuarchúis oifigiúil, bagairtí, easpa chúl taca. Má ba gnóthach dó, déarfainn gur saol uaigneach saol an tsagairt. Agus titeann daoine i ngrá.

    Ní raibh sé éasca dó bun a chur ar bhfilleadh go hÉirinn dó, post a fháil dó agus dá bhean (ghorm) agus scoil d’fháil da chlann (gorm) nach raobh saor ó ghoineoga ciníochais.

    Gnáthdhuine a raibh saol as an gnáth aige, cé, is dócha, nach bhfuil anseo ach blaisín beag de. 300 leathnach agus 16 leathnach grianghrafanna.

    Leabhar soléite, spéisiúil, daonna é seo!

Add a review

Your email address will not be published. Required fields are marked *

You may also enjoy...