Deirdre an Bhróin

£4.50

Máirtín Mac Grianna

In stock

SKU: 20277 Categories: , ,

Description

Scéal brónach é seo faoin spéirbhean Deirdre, agus an tragóid a bhí in ann di ón uair a rugadh í. Cuirtear in iúl dúinn go bhfaca an fear feasa Cathbad fís uafásach faoin aighneas a bheadh in ann don ríocht de bharr áilleacht an chailín óig Deirdre sa todhchaí. Mar sin bheartaigh an Rí, Conchubhar, ar í a phósadh é féin nuair a d’fhásadh sí. Ach oíche amháin agus í amuigh sa choill, buaileann Deirdre le fear álainn darb ainm Naoise agus titeann siad i ngrá, rud a chuireann idir éad agus fhearg fíochmhar ar Chonchubhar. Gan fáilte rompu sa tír agus rí sa tóir orthu imíonn na leannáin chun farraige, agus cé go bhfilleann siad, níl ann mar thoradh ach brón agus bás.

Cuntas dorcha go leor atá i gceist anseo, ach toisc go gcuirtear é i láthair i stíl inléite ar leathanaigh bháite le híomhánna saibhre, ní féidir leis an léitheoir ach bheith an-tógtha leis. Leagan amach ar ardchaighdeán atá i gceist, ach úsáidtear grianghraif minic go leor chun an spéirbhean a léiriú, rud a laghdaíonn an ghné shamhlaíoch a bhaineann, i mo thuairim, leis an gcuid eile den leabhar. É sin ráite, cuireann na léaráidí (go hairithe iad siúd le sleánna, clocha agus fuil) íomhá an-chruinn in intinn an léitheora, agus fágtar iad gan cheist ar an gcineál saoil, nó ar na cruachásanna a bhí i gceist ag an am sin.

Scéal iontach cáiliúil é seo, é athinste ag Máirtín Mac Grianna i slí thaitneamhach, intuigthe. Cé gur scéal tragóideach é, tá go leor gníomhaíochtaí spreagúla ann chun aird léitheora a choinneáil chun deiridh, agus mholfainn é do dhuine ar bith agus suim aige/aici i miotaseolaíocht na hÉireann!

Additional information

Weight 120 g

Reviews

There are no reviews yet.

Be the first to review “Deirdre an Bhróin”

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.