Greim an Fhir Bháite
Dónal Murray
£7.60
Out of stock
Description
Níl ach greim an fhir bháite ag an gCigire-Bhleachtaire Feargus Ó Crualaoich ar an mbeatha. Thíos faoi, tá an fharraige mharfach, agus ní fada a bheidh sé in ann greim a choinneáil ar an gcarraig seo…
Bhí sé ag teacht chuige féin fós ó eachtra mharfach nuair a cuireadh i mbun an fhiosrúcháin seo é. Ní heol d’aon duine cé hí an bhean seo a bhfuarthas a corp ar an trá, agus Gardaí an cheantair gafa le cás dúnmharaithe eile. Téann Ó Crualaoich chun oibre, ach tá na deamhain a chiapadh i gconaí. An bhfuil teipthe air mar Gharda, mar dhuine?
Tugann an fiosrúchán chuig oileán iargúlta é, ar deacair é a bhaint amach. Ach tá sé ag dul isteach i réimsí aisteacha den choiriúlacht, den phóilíneacht, agus den pholaitíocht freisin. An bhfuil a chuid saoistí ag insint iomlán na fírinne dó? Arbh fhearr leis na húdarais nach mbéarfaí ar an dúnmharfóir, b’fhéidir..?
Seo eachtra dhúspéisiúil eile ó pheann an údair seo, scéal a chaitheann solas ar chúinní dorcha an dlí agus na hintinne.
Reviews
There are no reviews yet.