Máire Zepf
Is údar leabhar do pháistí í Máire Zepf, a bhfuil 19 leabhar scríofa aici, idir leabhair phictiúr agus úrscéalta véarsaíochta do dhéagóirí. Tá go leor duaiseanna buaite aici, ina measc Duais Leabhar Páistí na Bliana KPMG/CBI, cúig dhuais ó Chumann Litearthachta na hÉireann (Literacy Association of Ireland), Gradam Onóra IBBY, Gradam Reics Carló agus duaiseanna ‘White Raven’. Tá leabhair Mháire aistrithe go 10 dteanga éagsúla. Rinneadh oiriúnú teilifíse ar an tsraith leabhar pictiúr ‘Rita’. Is í an scríbhneoir agus comhchruthaitheoir í ar an tsraith theilifíse ‘Lí Ban’ — sraith Anime Cheilteach — agus í ar an gcéad duine a bhí ina Comhalta Scríbhneoireachta do Pháistí i dTuaisceart Éireann.