Book launch: ‘Running Away’ by John McCreedy
Saturday, 9 May 2026 | 13:00 | Pre-order the book

Ba mhaith linn cuireadh a thabhairt daoibh chuig seoladh Running Away le John McCreedy, Dé Sathairn, an 9 Bealtaine, ag 1pm.
Sa leabhar úr seo leis an údar as Beannchar, déantar iniúchadh ar théamaí an athmhuintearais, na féiniúlachta agus an athraithe, agus iad fréamhaithe i stair shóisialta chasta Thuaisceart Éireann.
Insítear in Running Away an dóigh ar éirigh le John dul thar na deighiltí seicteacha a bhain leis na Trioblóidí nuair a fuair sé scoláireacht spóirt chuig na Stáit Aontaithe. Tríd an spórt, an t-oideachas agus an fhéinaithne, aimsíonn sé bealaí úra le sean-chréachtaí a leigheas, ina shaol féin agus sa phobal i gcoitinne.
Beidh sólaistí ar fáil agus fáilte mhór roimh achan duine!



