Description
Nuair a deir Eoghainín le Ciarán (nó Cío mar is fearr aithne air) go bhfuil sé aerach agus nach mbeidh sé in ann peil a imirt dá bharr, tá Cío trína chéile. Ní thuigeann sé an focal ‘aerach’ ach bheadh sé croíbhriste mura mbeadh sé in ann imirt ar fhoireann na scoile agus, b’fhéidir, ar fhoireann an chontae lá éigin. Caithfidh deirfiúracha móra na beirte, Neans agus Éibhín, a ladar a chur sa scéal agus a thaispeáint don bheirt óg gur cuma faoi chlaonadh gnéis agus gur féidir le gach duine a rogha rud a dhéanamh.

Reviews
There are no reviews yet.