Ceistiúchán

Máiréad Ní Bhreisleáin Uí Cheallaigh

£13.50

1 in stock

SKU: 30812 Catagóir:
6660012220410

Cur síos

Ar 21 Nollaig 1940, ghabh na póilíní i Moscó an tÉireannach Patrick Breslin. Cérbh é an Patrick Breslin seo? Cén fáth go raibh sé sa Rúis? Cén fáth ar ghabh póilíní na Sóivéide é?

Chuaigh sé go Moscó agus é 20 bliain d’aois le freastal ar Scoil Idirnáisiúnta Leinin. Níor fhill sé ón Aontas Sóivéadach. Phós sé bean de bhunadh Bhéal Feirste ansin, Maighréad Nic Mhaicín, agus bhí clann orthu.

Ceistíodh ar feadh 6 mhí é, é á chur ina leith gur spiaire é. Tarraingíodh an chúis sin siar, ach gearradh téarma 8 mbliana i gcampaí oibre air i 1941 ‘mar gheall ar a chomhghríosú frithréabhlóideach’. Ar 21 Meitheamh 1945, cailleadh é i gcampa in aice le cathair Kazan. Faoin am sin, bhí a iníon, Mairéad, in Éirinn lena máthair.

Tá taifid oifigiúla an cheistiúcháin faighte ag Mairéad, agus tá siad anseo ina n-iomláine. Tugann siad léargas lom ar dhuine faoi bhrú, ag iarraidh na freagraí cearta a thabhairt ar cheisteanna crua na n-údarás agus a fhios aige go bhfuil a bheatha i ngeall air.

I mBéal Feirste i 1938 a rugadh Máiréad Ní Bhreisleáin. Tógadh i mBaile Átha Cliath í mar a raibh a máthair, Maighréad, ina haistritheoir agus ina léachtóir le Rúisis. Ó bhí sí fíoróg bhí a fhios ag Mairéad gur sa Rúis a bhí a hathair gan tuairisc ó 1940. Nuair a fuarthas an tuairisc i 1995, bhí a máthair ar shlí na fírinne. Tá céimeanna aici sa Fhraincis agus sa Ghaeilge. D’oibrigh sí in Alliance Française Bhaile Átha Cliath go dtí 1983. Ar feadh 20 bliain go dtí 2017, d’oibrigh sí ar líne chabhrach Women’s Aid, an obair is tábhachtaí dá ndearna sí, dar léi. Tá seisear iníonacha aici lena céile John Kelly RHA, a fuair bás i 2013.

Léirmheasanna

Reviews

Níl aon léirmheasanna ann go fóill.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

Táirgí gaolmhara