Éigse Saoil

Críostóir Ó Floinn

Sa stoc (is féidir é a chúlordú)

SKU: 30197 Catagóir:
9781919601342

Cur síos

I ndán dá chuid, maíonn an file Rómhánach, Horatius, ‘Exegi monumentum aere perennius’ (Tá leacht tógtha agam is buaine ná an cré-umha). Is fíor sin, a bheag nó a mhór, faoin fhilíocht ar fad mar ghné ar leith den litriocht, ach is cruinne a thagann sé le cnuasach éigse ar nós an leabhair seo mar a bhfuil bailithe le chéile na dánta uilig a chum an file ar feadh a shaoil ar fad, ‘ó fhás go haois, is ó aois go bás’.

Údar ildánach is ea Críostóir Ó Floinn. I gcathair Luimnigh a rugadh é, seachtain roimh Nollaig na bliana 1927. Thosaigh sé ag cumadh drámaí agus dánta i mBéarla agus é ina gharsún deich mbliana; chrom sé ar an scríobh i nGaeilge freisin agus é ina dhéagóir. Tá breis agus trí scór earra ina shaothar, drámaí don stáitse, don raidió, agus don teilifís, ficsean agus filíocht, aistí, aistriúcháin leabhair don aos óg, beathaisnéisí agus dírbheathaisnéis. Tá sé ina bhall tofa d’Aosdána.

Léirmheasanna

Reviews

Níl aon léirmheasanna ann go fóill.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

Táirgí gaolmhara