Gaillimh le Gaeilge – Díolaim Cathrach

£23.75

Brian Ó Conchubhair a roghnaigh

Sa stoc*

SKU: 29026 Catagóir:

Cur Síos

Tar éis a bhfuil de chaint déanta faoi scríbhneoirí Gaeilge Chonamara, ní mórán béime a leagtar ar an aon chathair Ghaeltachta atá sa tír: baile mór na Gaillimhe. Tá muintir Chonamara ag déanamh a mbealaigh isteach sa mbaile mór chomh fada siar is atá siar ann, agus ta a lorg féin fágtha ar an gcathair acu – agus ag an gcathair orthu. Sa díolaim seo gheofar léargas ar chathair na Gaillimhe i litríocht chruthaitheach na Gaeilge, leithéidí scríobhneoirí próis mar Shean-Phádraic Ó Conaire, Dónall Mac Amhlaigh, Máirtín Ó Cadhain, Breandán Ó hEithir, Micheál Ó Conghaile, agus saothar filí mar Mháirtín Ó Direáin, Joe Steve Ó Neachtain, Áine Durkin agus Pauline Nic Chonaonaigh. Gaillimhigh iad uilig a dhéanann cíoradh cáiréiseach cúramach ar an ngaol idir cathair agus tuath. Ach ní taobh le scríbhneoirí Gaeltachta amháin atá an cnuasach seo. Cuid de dhlúth is d’inneach na Gaillimhe is ea an líon daoine a thagann isteach agus a chuireann fúthu ann, agus a dhéanann a gcuid féin de – leithéidí Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Louis de Paor, Máire Holmes, Alex Hijmans, Micheál Mac Liammóir – agus a spreagann iad chun dul i mbun pinn. Anois céard déarfá le Gaillimh agus gan ann ach baile beag!

Additional information

Meachán 837 g
Dimensions 224 × 150 × 35 mm

Léirmheasanna

Níl léirmheasanna scríofa ar an thairge seo go fóill.

Scríobh an chéad léirmheas ar “Gaillimh le Gaeilge – Díolaim Cathrach”

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.