Irisleabhar Mhá Nuad 2021

Tracey Ní Mhaonaigh, Ciara Keane-Moran, Seán Keating, Mairéad Ní Neachtain

Sa stoc

SKU: 30200 Catagóir:
9781911330257

Cur síos

Aiste bunaithe ar Léacht Uí Chadhain 2020, Maighréad Nic Mhaicín, an Cadhnach agus comaoin an Domhain Thoir, a chuireann tús leis an eagrán seo de Irisleabhar Mhá Nuad agus cuirtear aistí ar bheirt fhilí nach labhraítear mórán fúthu – Seán Hutton agus Siobhán Ní Shíthigh – inár láthair ina dhiaidh sin.

Tá ceangal téamúil idir an aiste ar Sheán Hutton agus an anailís a dhéantar ar scríbhneoireacht Phádraig Uí Chíobháin i gceann eile de na haisti sa mhéid is go ndírítear ar cheist an imeallachais iontu agus ar idéil thraidisiúnta na bhfear sa tsochaí.

Tá meascán sna haistí eile: an Ghaeilge mar mhionteanga iarchoilíneach; ról an aistriúcháin i gcaomhnú na teanga; Lámhscríbhninní Mhic Ádhaimh agus innéacs d’ábhar an chnuasaigh curtha ar fáil; ceist an chló agus gluaiseacht réamhathbheochana sna meáin Éireannacha-Mheiriceánacha sa 19ú céad; na léamha difriúla a dhéantar ar Ghráinne i leaganacha éagsúla den scéal Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne.

Tá gné Albanach ag baint leis an eagrán seo fosta agus cuid de scéal Nils Holmer á ríomh (i nGaeilge na hAlban) mar aon le cur síos ar Bhéarlagair Béarla Lucht Siúil na hAlban.

Aiste ó dhuine de na cartlannaithe i Leabharlann Eoin Pól II in Ollscoil Mhá Nuad a chuireann eagrán 2021 i gcrích agus cuntas inti ar chartlann Ken Saro-Wiwa – scríbhneoir agus gníomhaí cearta daonna – cartlann a bhronn an tSiúir Majella McCarron ar an leabharlann.

Gach bliain, roghnaítear aiste amháin, ar a laghad as cartlann Irisleabhar Mhá Nuad le cur i gcló arís agus mar cheiliúradh ar bhreith Cholm Cille 1500 bliain ó shin, roghnaíodh aiste a cuireadh i gcló in eagrán na bliana 1963 dar teideal ‘Colm Cille an tSeanchais’.

Léirmheasanna

Reviews

Níl aon léirmheasanna ann go fóill.

Only logged in customers who have purchased this product may leave a review.

Táirgí gaolmhara