Karl Marx Saothar a Shaoil

£5.75

1 in stock

SKU: 3988 Catagóir:

Léirmheasanna

1 review for Karl Marx Saothar a Shaoil

  1. seamasodaimhin

    Deir blurba an chlúdaigh: “Níl aon amhras ach go bhfuil Karl Marx ar an smaointeoir is tábhachtaí i nua-stair an domhain. ” Sin a mheall mé chun an leabhar seo a léamh, é sin agus an t-údar , fear a thaithnaíonn a stíl, a chur amach is a chrinneas chainte liom.
    Leabhar 223 leathnach atá ann, cé nár leor é ach le spléachadh beag a thabhairt ar an ábhar.

    Fealsamh a b’é a thug a shaol isteach mar iriseoir agus scríbhneoir. Idéalaí i dtosach, ach bhraith sé nárbh fiú idéil gan iad a chur i bhfeidhm , go minic trí fhoréigin agus reabhlóid. Ní ghéillfeadh an bhunaíocht a chumhacht, dar leis, ach trí fórsa.

    Níor chum sé an Sóisialachas, ach chuir sé bun eacnamaíochta faoi. Mhínigh sé é go heolaíoch .i. i dtéarmaí eacnamaíocha. Chum sé sruth nua sóisialachais, an Marxachas, atá féin ina fhoinse ar iomad sruthanna eile. Tá an saol gabhlánach.

    Sa leabhar seo, ní bhuairíonn Aindrias sinn le rabhartha sleachta as scríbhinní Mharx ach breacann sé saol Charl leis an chorrshliocht astu. ( Sea, Carl a bhaisteadh air agus tharraing sé an litriú Karl dó féin. Ní mé an bhfuil sé níos fearúla!) Bíonn Aindrias ag ríomhadh a shaoil dúinn le sliocht anseo is ansiúd óna smaointe a thugann tuiscint níos fearr dúinn ar an bhfear a chum, seachas a chum sé, sílim. Prapáil é seo súilaithne a chur ar an bhfear agus braistint ar a chuid samointe.

    Rud a ghoill orm sa leabhar ná go dtugtar na sleachta as a chuid scríbhinní gan an foinse a lua. Agus uaireanta is deacair a dhéanamh amach an Aindrias nó Carl atá ag labhairt. Nós eile nár thaithnigh liom ná cleacht Charl ina chuid litreacha meascán teangacha a dhéanamh .i. Gearmáinis, Fraincis, is béarla trí chéile san aon abairt. Cé gurb é seo gnáthnós na Gaeltachta, an cód-mheascadh, goilleann sé orm. Tréith eile de chuid Carl é ámh.

    Scríobh sé faoi cheist na talún in Éirinn agus Eirí amach na bhFíníní, agus bhí eolas aige ar gach suaitheadh polaitíochta ar fud na hEorpa agus Meiriceá. Fear é nár ghéill ina chuid smaointe, nó a ghlac saol ní ba bhoige trí féinchinsireacht nó maolú idéil nó post acadúil a ghlacadh, agus bhí sé beo bocht dhá dtrian a shaoil sula thug a chomrádaí Engels dúthracht bheag airgid rialta dó.
    Ní shílim go dtuigim smaointe Charl níos fearr anois, ach tuigim dó níos glinne mar dhuine.

    Iarracht mhaith é seo aithne an fhir seo a chuir os chomhair saol na Gaeilge cé go bhfuil an t-ábhar ina shlánchruinne ró mhór d’aon leabhar amháin.

    Léitheoireacht dhian é seo, agus léidis é a bhfuil an t-achmainn is an fonn sin acu.

Cuir léirmheas leis

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Táirgí gaolmhara