‘Murdar’ ar an Lochán Beag

£13.50

Peadar G. Ó Máille

1 sa stoc

ISBN: 9781784442446 SKU: 30822 Catagóirí: ,

Cur síos

Eachtraí i gCogadh na Saoirse

Oíche an 2 Feabhra 1920, ar an Lochán Beag i gCois Fharraige, Co na Gaillaimhe, d’éirigh idir beirt deartháir agus buíon Óglach. Tamall ina dhiaidh sin, bhí an bheirt buailte, agus duine acu caite. An té a caitheadh, Patrick Thornton, b’iarshaighdiúir é sna Connaught Rangers. Thug seisean roinn ainmneacha do lucht an RIC agus tógadh ceathrar dhá bharr. Bhásaigh Thornton cúpla lá ina dhiaidh sin.

Cuireadh an ceathrar ar a dtriail, fritheadh ciontach iad as Thorton a ionsaí agus chuaigh príosún orthu. I gcaitheamh an ama, bhí fear eile á thóraíocht ag na húdaráis agus é curtha ina leith gur aige a bhí an gunna agus go mba é a chaith an t-urchar marfach. B’eisean Peadar Ó Máille as Cor na Rón, a bhí sna hÓglaigh, agus b’éigean dó dul ar a choimhéad nó gur fógraíodh an Sos Comhraic.

Sa leabhar seo, cíorann a mhac an eachtra – eachtra a raibh sé féin dall air, cuid mhór, go dtí le gairid – agus tugann faoi dhianscrúdú ar chúinsí na tréimhse sin chomh maith le géarfhéachaint a thabhairt ar an gcaidreamh idir é féin agus a athair.

Eolas breise

Meachán 519 g
Toisí 215 × 138 × 22 mm

Reviews

Níl aon léirmheas ann go fóill.

Scríobh an chéad léirmheas fa dtaobh ar “‘Murdar’ ar an Lochán Beag”

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.