Ón Spidéal go Strasbourg Cuimhní Cinn

£16.99

Seán Ó Neachtain

Sa stoc*

SKU: 29220 Catagóir:

Cur Síos

Bíonn an pholaitíocht i gcónaí áitiúil, deirtear, agus is cinnte go raibh sé sin fíor i mo chás-sa. Easpa córas uisce poiblí i gceantar an Spidéil a tharraing i dtreo na polaitíochta me an chéad lá riamh. Ba ag stocaireacht ar son na cúise sin mar chathaoirleach ar an gcoiste pobail agus mar rúnaí ar chumann Fhianna Fáil i dtús na seachtóidí a d’fhoghlaim mé ceird an ghníomhaire pobail. As sin tháinig cuireadh chun seasamh i dtoghchán Chohairle Chontae na Gaillimhe i 1979. Lean cuireadh eile fós cúpla mí ina dhiaidh chun seasamh i gcéad toghchán Údarás na Gaeltachta. Chuir sin tús le deich mbliana is fiche d’ionadaíocht thofa phoiblí a thug mé i bhfad agus i ngearr, sa mbaile agus i gcéin. Bhí síos suas ann mar shaol ach bhain mé ceart de chomh maith is a d’fhéad mé. Throid mé naoi dtoghchán, trí cinn comhairle contae, ceithre cinn Údarás na Gaeltachta, olltoghchán, agus toghcháin Pharlaimint na hEorpa. Bhí chuile cheann acu éagsúil ar a chéile ón gcéad cheann ina bhfuair mé míle vóta go dtí an ceann deiridh ina bhfuair mé céad míle vóta. Ní éireodh liom cúrsa na polaitíochta a chur tharam murach mo lucht tacaíochta dílis agus dóibhsean go léir a thiomnaím na cuimhní cinn seo.

Additional information

Meachán 646 g
Dimensions 214 × 140 × 31 mm

Léirmheasanna

Níl léirmheasanna scríofa ar an thairge seo go fóill.

Scríobh an chéad léirmheas ar “Ón Spidéal go Strasbourg Cuimhní Cinn”

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.