Saighdiúir

£13.99

4 in stock

9781913814359

Cur síos

In ainneoin na mílte Éireannach a thit i gcogadh mór 1914-1918, is beag trácht orthu i litríocht na Gaeilge. Seo é an chéad úrscéal sa teanga a insíonn a scéal. Ní hé amháin gur saothar ceannródaíoch é Saighdiúir ach is úrscéal cumhachtach frithchogaidh é, agus é tugtha chun solais go húr beo máistriúil ag Cathal Ó Searcaigh.

Le breis agus daichead bliain tá a mharc searcúil féin á chur ar an mórfhile Conallach seo ar litríocht na Gaeilge. Ní heisceacht ar bith an saothar nua seo, an stíl ghlansnoite chéanna phróis a chleacht muintir Ghrianna roimhe curtha os ár gcomhair arís go fuinte fileata ag Ó Searcaigh, cúram an fhile tugtha aige do chaint na coitiantachta. Tá oighre faighte acu i dtaca le máistreacht teanga.

Tógfaidh an leabhar seo, Saighdiúir, a háit ar an tseilf in éineacht le húrscéalta Erich Maria Remarque agus Jaroslav Hašek, agus níl aon amhras ach gurb é úrscéal mór Gaeilge an Chogaidh Mhóir é. Faoi scáth an Earagail i nGaeltacht Chloich Chionnaola atá cónaí ar Chathal Ó Searcaigh, duine de phríomhfhilí na Gaeilge.

Léirmheasanna

Reviews

Níl aon léirmheasanna ann go fóill.

Bí ar an gcéad duine a dhéanfaidh léirmheas ar “Saighdiúir”.

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Táirgí gaolmhara