Scéalta Draíochta Mhicí Sheáin Néill

£13.50

Micí Sheáin Néill Ó Baoill

Eagarthóir: Caitlín Nic Niallais

1 sa stoc

ISBN: 9781916047075 SKU: 29269 Catagóirí: ,

Cur síos

Bailiúchán scéalta béaloidis a d’aithris an seanchaí Micí Sheáin Néill as Rann na Feirste, curtha in eagar ag Caitlín Nic Niallais.

Ba scothscéalaí agus seanchaí é Micí Sheáin Néill Ó Baoill a mhair i Rann na Feirste sa chéad seo caite. Thiocfadh scoláirí agus bailitheoirí béaloidis ó gach cearn le héisteacht lena shruth binn cainte ag aithris scéalta a tháinig anuas chuige thar na glúnta. Is éard atá sa leabhar seo ná bailiúchán de na scéalta draíochta a d’inis Micí Sheáin Néill agus nach bhfuil ann ach an aon insint amháin daofa scríofa síos sa bhailiúchán atá i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, curtha in eagar ag Caitlín Nic Niallais. Tá ocht gcinn déag de scéalta draíochta ina n-iomláine anseo, scéalta samhlaíocha a mbíonn daoine ag eitilt tríd an spéir iontu, ina gcastar le fathaigh agus le beithígh neamhshaolta agus ina dtagann laochra ar ais ón bhás. Tá siad scríofa anseo díreach mar a d’inis Micí iad sa dóigh is go mbeidh glúnta eile de léitheoirí agus d’éisteoirí ábalta sult a bhaint as an tsaibhreas atá fite go dlúth iontu.

 

Eolas breise

Meachán 266 g
Toisí 198 × 130 × 15 mm

Reviews

Níl aon léirmheas ann go fóill.

Scríobh an chéad léirmheas fa dtaobh ar “Scéalta Draíochta Mhicí Sheáin Néill”

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.